Tháinig sé na bhaile ansin agus bhí sé ag déanamh obair mhóna lena dheartháir agus a athair mór ansin. Bhí acraí de phortach acu. Bhí siad a dhíol le duine ar bith a raibh lód móna de dhith air. Ní raibh mórán de luach uirthi san am, thart fá £4 ar thréiléar tharracóra. Ní raibh tarracóir ar bith acu féin ach bhí beithíoch agus carr a bhíodh ag a athair mór. Nuair a thosaigh stáisiún na móna ansin, ghlac siad conradh leo. Fuair siad leoraí iad féin fosta. Cur síos ar an chineál leoraí a bhí acu. Chaith sé féin £750 ar leoraí am amháin, ceann dara láimhe a bhí inti agus bhí sí le díol suas ar a son, sin sna caogadaí. Bhí siad ag díol mhóna ar fud an chontae. Bhí conraithe acu i Leitir Ceanainn leis an teach mór (St. Conals), (100 nó 200 tonna).
Bhí obair mhaslach i mbaint na móna agus bhí go leor fir fostaithe acu. Bhí siad ag iompair mhóna go stáisiúin Mhín na Cuinge, ba chailliúint mhór den áit nuair a dhruid sí. | 00:12:22 | |